Ár gceangal leis an Eoraip


Sa bhliain 1996 glacadh leis an scoil seo agus Scoil na hAirde Móire i gCárna chun páirt a ghlacadh i dtionscnamh Eorpach Comenius. Dhá scoil as an bPoirtaingéil- Mealhas san Algarve agus Febres atá in aice le Fatima-, agus dhá scoil as Briotáin na Fraince- Le Saint agus Langonnet, nach bhfuil ró-fhada ó Lorient atá cheana féin nascaithe le Cathair na Gaillimhe, a bhí mar chomhpháirtithe linn an bhliain sin.

Thugamar " Mosaic " mar ainm ar an ngrúpa . Reachtáileadh an 1cd chruinniú do mhúinteoirí Mosaic in Éirinn i Mí Meán Fómhair 1996, nuair a leagadh síos clár oibre leathbhliana. I Mí Márta 1997 bhí an dara cruinniú sa Phoirtaingéil agus d'aontaigh an grúpa go nglacfaí le scoil eile chun páirt a ghlacadh i "Mosaic". B'iad sin Scoil Hämeenlinna ón bhFionlainn.

Chas an grúpa múinteoirí le muintir na Fionlainn don chéad uair ag an triú cruinniú don Mosaic i Mí Deire Fómhair 1997 i mBriotáin na Fraince. Bhí trí chruinniú eile ag an ngrúpa ó shoin, sa bhFionlainn Aibreán 1998, I gConamara tús Mí na Nollag 1998 agus bhí an cruinniú deireannach ar siúl i Mí Aibreán na bliana seo sa Phoirtaingéil. B'iad Fil.Uí Dhubhghaill agus Yvonne Ní Laife a d'fhreastal ar an gcruinniú ó Scoil na Tulaí.

Cé go mbeidh deire oifigiúil leis an tionscnamh i mbliana tá súil go leanfar leis an gcuamarsáid idir na scoileanna. Baineann na daltaí úsáid as ríomhphost agus "gnáth phost" chun cumarsáid rialta a dhéanamh lena gcairde pinn. Anuraidh bhí an scoil seo ar cheann de na chéad scoileanna sa Ghaeltacht chun úsáid a bhaint as videoconferencing le teangmháil a dhéanamh leis na páistí i scoil Langonnet na Fraince. Tá an treallamh fós sa scoil agus táthar ag súil go mbeifear in ann é a fheabhsú ionas go mbeidh na scoileanna eile sa tionscnamh in ann caidreamh a dhéanamh ar an mbealach seo freisin.

Chuile Déardaoin ag 12.00m.l. cuireann gach scoil sa tionscnamh Mosaic tuairisc aimsire le chéile agus seoltar amach iad tríd an ríomh phost. Coinnítear cuntas ar na tuairiscí ar fad ar chairt agus déantar comparáid idir an aimsir ins na tíortha éagsúil - Is ag Éirinn atá an bua leis an titim is mó báistí !!!

I rith na trí bliana tá sé fhís téip - " Regards d'Europe 1-6" agus dhá irisleabhar curtha le chéile ag an ngrúpa 'Mosaic' . Tá roinnt focla i bhFraincís, i bPoirtaingéilis agus i bhFionnlannais foghlamtha ag na gasúir maraon le eolas agus tuiscint ar chultúr, ar stair agus ar thíreolaíocht na dtíortha.

 

  Abhaile!